Ár Stair
Tá Campas Íosagáin bródúil as an stair shaibhir a tháinig roimhe.
Bhí Coláiste Íosagáin ina chrann taca tábhachtach de phobal Bhaile Bhuirne agus mar a tháinig roimhe, tabharfaidh Campas Íosagáin saol nua don cheantar freisin.
Coláiste Íosagáin
Tógadh Coláiste Íosagáin i ndá chéim ar dtús. Cuireadh tús leis an gcéad chéim sa bhliain 1933 agus críochnaíodh an dara céim sa bhliain 1939. Tógadh an Coláiste mar scoil chónaithe do bhuachaillí ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus osclaíodh go hoifigiúil é sa bhliain 1940, ag glacadh leis na chéad daltaí ar an 3 Meán Fómhair faoi mhaoirseacht na Bráithre De la Salle.
Coláiste ullmhúcháin ab ea an coláiste, a raibh na daltaí is fearr sa tír ag freastal air, agus a raibh súil acu go mbeadh siad ar an gcéad ghlúin eile de mhúinteoirí bunscoile. Fuair na daltaí oideachas den scoth agus bhí an phribhléid acu páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí seach-churaclaim, go háirithe CLG, drámaíocht, lúthchleasaíocht agus cispheil. Bhain na daltaí taitneamh as am saor freisin chun dul síos go dtí an sráidbhaile áitiúil agus níos faide i gcéin idir a gcuid staidéir agus a gcleachtais reiligiúnacha.
D’fhreastail pearsana cáiliúla Éireannacha ar an gcoláiste ar nós seanscéalaí tráchtaireachta CLG, Mícheál Ó Muircheartaigh a d’fhreastail ar feadh trí bliana agus iarbhainisteoir CLG Chiarraí, “Mickey Ned” O’Sullivan a chuaigh ar aghaidh le bheith ina mhúinteoir i gColáiste Íosagáin tar éis a laethanta mar mhac léinn.
Dhún Bráithre De la Salle Coláiste Íosagáin sa bhliain 1989, rud a chuir diomá ar na h-iardhaltaí agus ar phobal na háite. Cheannaigh Údarás na Gaeltachta an foirgneamh i 1998 agus thosaigh an obair chun maoiniú a fháil agus an áit a athchóiriú. Ba i 2023 a cuireadh tús le h-oibreacha chun an foirgneamh a thiontú ina mhol digiteach nua. Tá gach dóchas ann anois go ndéanfaidh an mol an ceantar áitiúil a athnuachan, agus go spreagfar infheistíocht bhreise - ní h-amháin i mBaile Bhuirne ach sa tír ar fad.
Níorbh é seo deireadh Choláiste Íosagáin, ach tús ré nua don bhfoirgneamh mar Champas Íosagáin.