Tacaíochtaí Do Ghnólachtaí Nuabhunaithe
Tuigimid go bhfuil sé deacair do ghnó féin a thosú. Ach tá tú tar éis teacht chomh fada seo, mar sin moladh mór duit! Ag Campas Íosagáin, tá meas ar leith againn orthu siúd atá cróga go leor chun dul isteach i saol craiceáilte na ngnólachtaí nuathionscanta.
Agus is í sin an chúis gurb é ár rún i gcónaí cabhrú libh in aon slí gur féidir linn.
Seo thíos cuid de na rudaí atá á thairiscint againn duit
Comhairle ó Shaineolaithe
Tá ár bhfoireann de lucht gnó gairmiúil le taithí fhada acu anseo chun cabhrú leat ar gach céim ded' aistear. Ó do phlean gnó a ullmhú chuig maoiniú a aimsiú agus margaíocht a dhéanamh ar do tháirge, tá gach rud clúdaithe againn. Agus mura bhfuil a fhios againne, aimseomid duine éigin duit go bhfuil an t-eolas sin acu
Imeachtaí & ceardlanna
Bíonn imeachtaí agus ceardlanna á reáchtáil againn go rialta chun cabhrú leat faobhar a chur ar do scileanna agus fanacht suas chun dáta maidir leis na claonta agus deachleachtais is déanaí. Ó aoi-chainteoirí go himeachtaí sóisialta, bíonn rud éigin ar siúl i gcónaí. Agus má bhíonn cabhair nó traenáil áirithe de dhíth ort, ní gá ach é a rá linn. Déanfaimid ár ndícheall cabhrú leat.
Áiseanna Úrscothacha
Tá gach rud againn a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil uait chun do ghnó a rith ar chaighdeán gairmiúil, le hidirlíon ar ardluas, teicneolaíocht cheannródaíoch agus spásanna oibre compordacha.
Pobal tacúil
Bíonn sé deacair do ghnó féin a bhunú, ach ní gá duit a bheith i d'aonar. Tá ár bpobal anseo chun tacú leat, misneach a thabhairt duit agus ceiliúradh a dhéanamh nuair a éiríonn leat. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine!
Deiseanna líonraithe
Is baile é ár spás oibre comhroinnte ag pobal éagsúil d'fhiontraithe agus ceannairí gnó. Beidh an deis agat nasc a dhéanamh le daoine ar aon dearcadh leat féin, foghlaim óna gcuid taithí, agus b'fhéidir fiú comhoibriú leo ar fhiontair nua.
Tabhairt cuairt orainn, mar sin, chun ár roghanna spáis oibre a fhiosrú, féachaint cad a oireann duitse agus dod' bhuiséad
Seo linn ag fíorú d'aislinge!