Oifigí Príobháideacha
Tá's againn go mbíonn do chuid spáis féin de dhíth chun obair a chur i gcrích, agus sin díreach an chúis gurb ann dúinn. Tá ár n-oifigí príobháideacha ar fáil i spásanna atá oiriúnach do 2-8 duine.
Seo a leanas cuid de na buntáistí a bheidh agat nuair a roghnaíonn tú oifig phríobháideach dár gcuid mar cheanncheathrú
Príobháideacht & compórd
Is í d'oifig do spás féin. Do thearmann pearsanta, le cathaoir chompórdach, deasc mór agus an ciúnas is síocháin atá ag teastáil chun díriú ar obair a chur i gcrích.
Solúbthacht
Tá's againn gur deacair léamh ar a bhfuil romhat, agus is dá bhrí sin go bhfuil ár n-oifigí príobháideacha an-solúbtha. An gá teacht isteach go luath? Níl fadhb ar bith. Spriocdháta déanach istoíche? Níl fadhb ar bith. Bí ag teacht is ag imeacht de réir do thola.
Ionad Foirfe
Tá ár bhfoirgneamh oibre comhroinnte lonnaithe i gcroílár Bhaile Bhuirne, ana-áisiúil do Chorcaigh nó do Chiarraí. An bhfuil sos ón obair de dhíth ort? Buail amach ag spaistóireacht agus cuir aithne ar an gceantar.
Tacaíocht phobail
Díreach toisc go bhfuil d'oifig féin agat, ní chiallaíonn sé sin gur gá duit an chraic ar fad a chailliúint! Tá sé mar rún againne pobal dlúth a thógaint, agus beidh go leor deiseanna agat nasc a dhéanamh le daoine gairmiúla eile agus cairde nua a dhéanamh.
Inacmhainne agus Saoráideach
Ní gá go gcosnódh sé an domhan ort d'oifig féin a bheith agat ar cíos, ná ní gá go mbeadh sé casta. Tá sé déanta breá saoráideach agus réasúnta againn. Tá rogha de phleananna míosúla agus bliantúla ar fáil chun gur féidir leat díriú isteach ar do ghnó a rith!
Buail isteach chugainn nó cuir ríomhphost chugainn chun a thuilleadh a fháil amach. Ba bhreá linn cloisint uait!