Áiseanna Traenála
Tá meon dírithe ar fhás againn i gCampas Íosagáin.
Is chuige sin go bhfuil ionad ar leith tógtha againn atá tiomanta don traenáil chun cabhrú leat iomlán do chumais a bhaint amach. Is cuma cé acu an gnó nuabhunaithe thú, fiontraí, nó díreach ag iarraidh cur le do chuid scileanna, táimid ann chun cabhrú leat do chuspóirí a bhaint amach.
Seo a leanas cuid de na cúiseanna go bhfuil ár gcuid traenáil gnó ar chaighdeán fíor-ard:
Teagascóirí le Saineolas
Aimsímid teagascóirí atá ina saineolaithe ina réimsí eolais. Bíonn siad paiseanta agus eolach, agus bíonn a fhios acu conas taitneamh a thabhairt isteach ina gcuid teagaisc le seisiúin fhíorspéisiúla idirghníomhacha a chabhróidh leat do scileanna a ardú go dtí an chéad leibhéal eile.
Réimse Ábhar
Cuirimid réimse leathan cúrsaí agus ceardlanna ar fáil chun gur féidir leat na cinn a oireann díreach duitse a roghnú. B’fhéidir go bhfuil tú ag iarraidh do scileanna margaíochta a fheabhsú, foghlaim faoi conas foireann a bhainistiú, nó do chumas ceannaireachta a fhorbairt - tá an rud atá uait againn. Is féidir linn, leis, seisiúin traenála ar leith a eagrú más amhlaidh go bhfuil ábhar áirithe go bhfuil spéis ar leith agat ann.
Áiseanna Úrscothacha
Tá ár n-áiseanna den chaighdeán is airde amuigh! Tá gach rud a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil uait againn chun an oiread agus is féidir a bhaint as d'eispéireas foghlama, le suíocháin chompordacha, an trealamh closamharc is nuálaí, agus idirlíon ar ardluas san áireamh.
Deiseanna líonraithe
Ceann de na rudaí is fearr faoinár n-áiseanna traenáil gnó ná an deis bualadh le daoine gairmiúla iontacha eile. Ní fios cé a chasfaí ort ar cheann dár gcúrsaí – d'fhéadfadh gurb é do chéad phairtnéar nó meantóir gnó eile a bheidh ann!
Tóg an chéad chéim i dtreo todhchaí níos gile.
Déan teagmháil linn chun foghlaim conas is féidir linn cabhrú leat!